Portada

ARMAS IBD

EVERTYPE
11 / 2017
9781782011392

Sinopsis

Is beag ní atá chomh spéisiúil leis an araltas, cé gur gá stór focal nua a fhoghlaim chun lántaitneamh a bhaint as an ábhar. Tugtar sa leabhar seo, atá arna mhaisiú ag an údar féin, cuntas ar bhunús araltas na hEireann agus ar an gcaoi ar fhorbair sé. Ba iad na Sean-Ghaill a thug an t-araltas go hEirinn ach de réir a chéile is amhlaigh a ghlac na Gaeil féin leis. Chun gnéithe éagsúla araltas na hEireann a léiriú, baintear feidhm sa leabhar seo go hiomlán nach mór as armais Eireannacha, idir Ghaelacha agus Ghallda. Tugtar tuairisc freisin ar armais éagsúla thír na hEireann féin, mar aon le harmais na gcúigí stairiúla. Pléitear armais chathracha, bhailte móra, chontaetha agus dheoisí na hEireann freisin chomh maith le harmais roinnt Eireannach mór le rá. Ceist na dlínse araltaí is ábhar do na caibidlí deireanacha agus mínitear cén fáth ar fearr diúltú don &lsquo,araltas siopa.&rsquo, Sa chuid deireanach den leabhar tugtar léargas éigin freisin ar stair arailt agus rí-arailt na hEireann chomh maith le bunú agus gníomhaíocht Oifig Phríomh-Aralt na hEireann.á

PVP
33,24